Is é an Bord Iascaigh Mhara (BIM), a bunaíodh faoin Acht Iascaigh Mhara sa bhliain 1952, an ghníomhaireacht Stáit Éireannach atá freagrach as tionscal bia mara na hÉireann a fhorbairt, agus oibríonn sé faoi choimirce na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Tá Ceannoifig Bhord Iascaigh Mhara i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath. D’fhonn tacú leis an earnáil bia mara, tá cuid d’fhoireann BIM lonnaithe go straitéiseach sna pobail cois cósta a mbíonn siad ag freastal orthu, lena n-áirítear oifigí i nGaillimh agus sna Cealla Beaga. Ina theannta sin, tá dhá Choláiste Náisiúnta Oiliúna BIM lonnaithe sa Chaisleán Nua, Co. Dhún na nGall agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí.Chomh maith leis sin, tá oifigí réigiúnacha againn timpeall an chósta. Agus buiséad €54 mhilliún agus breis agus 130 ball foirne againn, táimid ag obair le seachtó bliain anuas chun tacú le tionscal bia mara na hÉireann agus chun é a fhorbairt.
Tá BIM ag iarraidh anois Príomhoifigeach Feidhmiúcháin nua a cheapadh. Ag tuairisciú don Bhord dó/di, beidh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin i gceannas ar an gcéad straitéis eile de chuid BIM a fhorbairt agus a chur i gcrích i ndlúthchomhar leis an bhfoireann ardbhainistíochta, i gcomhthéacs na timpeallachta oibriúcháin a bhíonn ag athrú don earnáil bia mara, agus i gcomhthéacs na ndeiseanna éiritheacha i réimsí amhail an phróiseáil bia mara agus an dobharshaothrú. Chun an ról a chomhlíonadh, teastóidh ceannaireacht láidir inchreidte ar fud na hearnála bia mara, rud a bhrúfaidh cur chun feidhme éifeachtach agus torthaí intomhaiste chun cinn. Mar chumarsáidí a bhfuil iontaoibh ann/inti agus a bhfuil tionchar aige/aici, déanfaidh an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin caidreamh muiníneach leis an tionscal, leis an Rialtas, agus le geallsealbhóirí eile chun tacú le cuspóirí beartais náisiúnta a bhaint amach agus chun ról ceannaireachta BIM san earnáil a threisiú.
Beidh an t-iarrthóir foirfe ina c(h)eannaire feidhmiúcháin shinsearaigh atá inchreidte agus údarásach agus a bhfuil cumas straitéiseach láidir agus an cumas chun treo soiléir a leagan síos aige/aici. Beidh taithí chruthaithe aige/aici ar fhoirne sinsearacha ardfheidhmíochta a threorú, ar chumas eagraíochta a neartú trí fhorbairt foirne agus trí phleanáil chomharbais, agus ar oibríochtaí casta, cláir chasta agus buiséid chasta a fhormhaoirsiú chun torthaí intomhaiste a bhaint amach. Agus sárscileanna cumarsáide agus sárscileanna chun tionchar a imirt ar dhaoine aige/aici, léireoidh sé/sí breithiúnas fónta i dtimpeallachtaí casta, oibreoidh sé/sí go muiníneach laistigh de chomhthéacs earnála poiblí atá faoi stiúir rialachais, seasfaidh sé/sí leis na caighdeáin ionracais agus chuntasachta is airde, agus beidh tuiscint aige/aici ar thábhacht na hearnála bia mara do phobail chósta agus don gheilleagar i gcoitinne.
Tá Perrett Laver ag tacú le BIM sa cheapachán seo. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin ról agus faoin eagraíocht nó chun iarratas a dhéanamh ar an ról, seol curriculum vitae cuimsitheach agus litir ina leagtar amach conas atá do thaithí oiriúnach don ról trí https://perrettlaver.com/an-bord-iascaigh-mhara/ Chun comhrá neamhfhoirmiúil a bheith agat, déan teagmháil le Chris McCann ag chris.mccann@perrettlaver.com.
Is é 12pm am áitiúil Déardaoin an 12 Márta an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais.
____________________________________________________________________________________________________________________________________________________
An Bord Iascaigh Mhara, (BIM) established under The Irish Sea Fisheries Act in 1952, is the Irish State agency responsible for developing the Irish seafood industry and operates under the aegis of the Department of Agriculture, Food and the Marine. BIM’s Head Office is in Dún Laoghaire, Co. Dublin. In supporting the seafood sector, BIM’s staff are also strategically located in the coastal communities which they serve, including offices in Clonakilty, Galway and Killybegs. BIM’s two National Fisheries colleges are located in Greencastle, Co. Donegal and Castletownbere, Co. Cork. With a budget of €54 million and a team of over 130 people BIM has, for the last seven decades, worked to support and develop the Irish seafood industry.
BIM is now seeking to appoint a new Chief Executive Officer (CEO). Reporting to the Board, the CEO will lead the development and delivery of BIM’s next strategy in close collaboration with the senior management team, in the context of a changing operating environment for the seafood sector alongside emerging opportunities in areas such as seafood processing and aquaculture. The role will require strong, credible leadership across the seafood sector, driving effective implementation and measurable outcomes. As a trusted and influential communicator, the CEO will engage confidently with industry, Government, and other stakeholders to support the delivery of national policy objectives and reinforce BIM’s leadership role in the sector.
The ideal candidate will be a credible and authoritative senior executive leader with strong strategic capability and the ability to set clear direction. They will bring proven experience of leading high-performing senior teams, strengthening organisational capability through staff development and succession planning, and overseeing complex operations, programmes and budgets to deliver measurable outcomes. With excellent communication and influencing skills, they will demonstrate sound judgement in complex environments, operate confidently within a governance-led and public sector context, and uphold the highest standards of integrity and accountability alongside an appreciation of the seafood sector’s importance to coastal communities and the wider economy.
Perrett Laver is supporting BIM in this appointment and to learn more about the role and organisation or to make an application for this role, please send a comprehensive curriculum vitae and letter outlining how your experience represents a fit for the role below. Further information can be found at https://perrettlaver.com/an-bord-iascaigh-mhara/. For an informal conversation please contact Chris McCann chris.mccann@perrettlaver.com.
The closing date for all applications is Thursday 12th March at 12pm local time.
Perrett Laver is a Data Controller and a Data Processor, and our legal basis for processing your personal data is ‘Legitimate Interests’. You have the right to object to us processing your data in this way. For more information about this, your rights, and our approach to Data Protection and Privacy, please see our Privacy Statement.
Is Rialaitheoir Sonraí agus Próiseálaí Sonraí é Perrett Laver, agus is iad ‘Leasanna Dlisteanacha’ ár mbunús dlí le do shonraí pearsanta a phróiseáil. Tá an ceart agat chun agóid a dhéanamh i gcoinne do shonraí a bheith á bpróiseáil againn ar an tslí sin. Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi sin, faoi do chearta, agus faoinár gcur chuige i leith Cosaint Sonraí agus Príobháideacht Sonraí, féach ár Ráiteas Príobháideachta.