Is ollscoil ilchampas dhinimiciúil í Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: an Lár Tíre, an tIarthar Láir (TUS), a fhreastalaíonn ar réigiúin Láir Tíre agus Iarthair Láir na hÉireann. Tá an Ollscoil tiomanta don sármhaitheas san oideachas, sa taighde, sa nuálaíocht agus san fhorbairt réigiúnach, agus tá ról ríthábhachtach aici ag tacú le mic léinn, le pobail, agus leis na hearnálacha tionscail agus fiontair. Agus an Ollscoil ag leanúint uirthi ar a haistear fáis agus comhtháthaithe, is mithid di dul sa tóir anois ar cheannaire den chéad scoth chun an institiúid a threorú tríd an gcéad chéim eile forbartha agus uaillmhéine.
Freagrach don Chomhlacht Rialaithe, cuirfidh an tUachtarán ceannaireacht straitéiseach agus oibríochtúil ar fáil ar fud na hOllscoile agus cinnteoidh rialachas láidir, inbhuanaitheacht ó thaobh airgid de agus éifeachtacht eagraíochtúil. An t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi, beidh sé nó sí i gceannas ar chur chun feidhme chéad phlean straitéiseach eile na hOllscoile, cuirfidh sármhaitheas sa teagasc, san fhoghlaim, sa taighde agus sa nuálaíocht chun cinn, agus feabhsóidh saol na mac léinn agus iad ag freastal ar an ollscoil. Déanfaidh sé nó sí cultúr cuimsithe agus comhoibrithe a chothú agus comhpháirtíochtaí leis an earnáil tionscail, leis an rialtas agus le páirtithe leasmhara idirnáisiúnta a neartú. Feidhmeoidh sé nó sí mar phríomhambasadóir na hOllscoile ar na leibhéil réigiúnacha, náisiúnta agus dhomhanda.
Beidh an t-iarrthóir is fearr ina cheannaire spreagúil agus físiúil a bhfuil dea-theist aige nó aici sa cheannaireacht shinsearach in eagraíocht ardoideachais nó in eagraíocht eile atá chomh casta céanna. Beidh taithí shuntasach aige nó aici ar an bpleanáil straitéiseach, ar an gclaochlú eagraíochtúil, ar an maoirseacht airgeadais agus rialachais, agus ar an rannpháirteachas le páirtithe leasmhara. Ní hamháin go mbeidh scileanna cumarsáide, cothaithe caidrimh agus ceannaireachta den chéad scoth aige nó aici, ach léireoidh sé nó sí freisin tiomantas láidir don sármhaitheas, don nuálaíocht, don chomhionannas, don éagsúlacht agus don ionchuimsiú. Beidh sé nó sí idir ionraic agus tuisceanach, saintréithe a bheidh ag teastáil chun pobal éagsúil ollscoile a threorú agus a bhfuil i ndán don Ollscoil a mhúnlú.
Beidh an gnólacht cuardaigh feidhmeannach Perrett Laver ag tacú leis an Ollscoil leis an bpróiseas ceapacháin seo. Is féidir ceisteanna a chur go díreach chuig Chris McCann (chris.mccann@perrettlaver.com).
Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus iarratas a dhéanamh ar https://perrettlaver.com/technological-university-of-the-shannon/
Ba chóir go mbeadh curriculum vitae iomlán san áireamh san iarratas, agus sonraí ann faoi cháilíochtaí agus taithí acadúil agus ghairmiúil. Ba chóir litir chumhdaigh a bheith i dteannta an CV, agus cur síos gairid inti ar an gcaoi a sásaíonn an t-iarrthóir na critéir atá leagtha amach sa sainchuntas poist, ar an bhfáth a bhfuil suim ag an iarrthóir sa cheapachán agus ar ar féidir leis an iarrthóir a thabhairt chun an róil, dar leis nó léi.
Beifear ag glacadh le hiarratais go dtí 5pm ACÉ, Dé hAoine, an 7 Lúnasa 2026.
Mar a shainmhínítear faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), is Rialaitheoir Sonraí agus Próiseálaí Sonraí é Perrett Laver, agus is é 'Leas Dlisteanach' an bonn dlíthiúil atá againn chun do shonraí pearsanta a phróiseáil. Le tuilleadh eolais a fháil faoi seo, faoi na cearta atá agat, agus faoin gcur chuige a ghlacaimid i leith Cosaint Sonraí agus Príobháideachais, téigh chuig an láithreán gréasáin againn ag www.perrettlaver.com/information/privacy.
__________________________________________________________________________________________________________________________________________________________
The Technological University of the Shannon: Midlands Midwest (TUS) is a dynamic, multi-campus university serving the Midlands and Midwest regions of Ireland. Committed to excellence in education, research, innovation, and regional development, TUS plays a vital role in supporting students, communities, industry, and enterprise. As the University continues its journey of growth and integration, it is seeking an exceptional leader to guide the institution through its next phase of development and ambition.
Reporting to the Governing Body, the President will provide strategic and operational leadership across the University, ensuring strong governance, financial sustainability, and organisational effectiveness. The successful candidate will lead the delivery of the University’s next strategic plan, champion excellence in teaching, learning, research and innovation, and enhance the student experience. They will foster a culture of inclusion and collaboration, strengthen partnerships with industry, government and international stakeholders, and act as a leading ambassador for TUS at regional, national and global levels.
The ideal candidate will be an inspiring and visionary leader with a proven track record of senior leadership within higher education or a similarly complex organisation. They will bring significant experience in strategic planning, organisational transformation, financial and governance oversight, and stakeholder engagement. With outstanding communication, relationship-building and leadership skills, they will demonstrate a strong commitment to excellence, innovation, equality, diversity and inclusion. They will possess the integrity and empathy required to lead a diverse university community and shape the future of TUS.
The University will be supported in this appointment process by the executive search firm Perrett Laver. Enquiries can be made directly to Chris McCann (chris.mccann@perrettlaver.com).
Further information and applications can be made via https://perrettlaver.com/technological-university-of-the-shannon/
Applications should consist of a full curriculum vitae detailing academic and professional qualifications and experience. CVs should be accompanied by a covering letter describing briefly how candidates meet the criteria outlined in the job description, why the appointment is of interest and what they believe they can bring to the role.
The closing date for applications will be 5pm Standard Irish Time, Friday 7th August 2026.
As defined under the General Data Protection Regulation (GDPR) Perrett Laver is a Data Controller and a Data Processor, and our legal basis for processing your personal data is ‘Legitimate Interest’. For more information about this, your rights, and our approach to Data Protection and Privacy, please visit our website www.perrettlaver.com/information/privacy.